Luke 3

Seanmoir agus teasdas Eóin um Chriosd, 21 teasdas Dé nime: 23 agus a shinnsiorrachd thaoibh Ioseph.

1 Agus an-cuigeadh bliadhan déug dimpireachid Thibérius Séasar, ar mbeith do Phonsius Phioláid na úachdarán a ttir Iúdáighe, agus Ioruáith na théatrarc sa Ngalilé, agus Philip a dhearbhrathair na théatrarc air Ituréa agus air chrích Thrachonítis, agus Lísánias na thetrarch air Abiléne, 2An tan do bhí Annas agus Caiphás na nárdshagartuibh, tháinic bríathar Dé chum Eóin mhic Sacharías san bhfásach. 3Uime sin tháinic sé ar feadh na dúithche a dtimcheall Iórdan, ag seanmóir bhaisdigh na haithrighe chuin maithmbeachuis na bpeacadh; 4Mar a tá sgríobhtha a leabhar comhráidhteagh Esaías fáidh, a deir, Guth an té éighmheas ar an bhfásadh, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, déanuidh a chasáin díreach. 5Líonfuidhear gach uile ghleann, agus ísleochthar gach uile sliabh agus chnoc; agus béid na neithe cama díreach, agus na slighthe garba mín; 6Agus do chífi gach uile fheoil slanughadh Dé. 7Uime sin a dubhairt sé rís a tslúagh tháinic a mach do chum go mbaisdfeadh seisean íad: A shliochd na naithreach neimhe, cía thug rabhadh dhaóibh teitheadh ón fheirg a tá ag teachd? 8Ar a nadhbharsin tabhraidh tórrtha bhus iomchubhaidh don naithrighe úaibh, agus ná tionsgnaidh a rádh ionnaibh féin, A tá Abraham na athair aguinn: oír a deirimsi ribh, Gur ab éidir lé Dia clann do dhúsachd as na clochmibhse féin D'abraham. 9Agus a tá an tuáigh a nois fós ar na cur chum fréimhe na gcrann: ar a nadhbharsin gach uile chrann nach dtabhair toradh maith gearrthar é, agus teilgthear sa teinidh é. 10Agus do fhíafruigh an slúagh nile dhe, ag rádh, Ar a nadhbharsin créud do dheunam? 11Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, An té agá bhfuil dá chóta, roinneadh ris an té ag nach bhfuil; agus gidh bé agá bhfuil bíadh, déanadh sé mar an gcéudna. 12Agus tangadar na puibliocáin mar an gcéudna ionnus go mbaisdfidhe íad, agus a dubhradar ris, A mhaighisdir, créud do dhéunáimné? 13Agus a dubhairt seision ríu, Na déunuidh ní sa mhó ná do horduigheadh dhaóibh. 14Agus do chuireadar na saighdiúirígh fós ceisd air, ag rádh, Agus créad do dhéunuimne? agus a dubhairt seisean ríu, Ná déunaidh foiréigean ar dhuine ar bith, agus ná hagraidh duine ar bith go heugcórach agus go madh lór libh bhur dtúarasdal féin.

15¶ Agus ar mbeith ag feitheamh don phobal, agus ag smúainiughadh dhóibh uile an a gcroidhthibh a dtimcheall Eóin, nar bheisean Chríosd, 16Do fheagair Eóin, ag rádh ríu uile, Baisdeamsa sibh go deimhin lé huisge; achd a tá neach is nearthmhuire ná misi ag teachd, ag nach fiú mé íallach a bhróg do sgáoileadh: baisdfidh seision sibh leis an Spiorad Náomh agus lé teinidh: 17Aga bhfuil a chríathar an a láimh, agus glanfidh sé a urlár féin, agus cruinnéochuidh sé an chruithneachd dá sgiobol féin; achd loisgfidh sé an cháith lé teine nách eidir a mhúchadh. 18Agus ag teagasg mhóráin eile fós dó do mhinigh sé an siosgéul don phobal.

19¶ Agus ar gcur an aghaidh Iórúaith an Téatrarca dhó, fá Heródias bean Philip a dhearbhrathar, agus fá gach uile olc dá ndearna Iorúaith, 20Do chuir sé so leis do bhárr ar gach ní, gur dhúin sé ar Eóin a bpríosún.

21¶ Agus tárla, an tan do baisdeadh an pobal uile, agus do bhí Iósa agá bhalsdeadh, agus ag déanamh úrnaighthe, gur bosgladh neamh, 22Agus gur thuirrling an Spiorad Náomh a bhfioghair chorpardha mar cholum air, agus do dtáinic guth ó neamh, ag rádh, Is tú mo Mhac grádhachsa; is ionnadsa a tá mo dheaghthoil.

23¶ Agus do bhí Iosa féin a dtimchioll a dheichmblíadhan fichead dáois, ar mbeith (do réir bhreathnuighthe na ndáoine) na mbac ag Ióseph, mhic Héli, 24Mhic Matthat, mhic Lébhi, mhic Melchi, mhic Ianna, mhic Ioseph, 25Mhic Matatías, mhic Amos, mhic Náum, mhic Esli, mhic Nagge, 26Mhic Máat, mhic Matatías, mhic Sémei, mhic Ióseph, mhic Iúda, 27Mhic Ioanna, mhic Résa, mhic Sorobábel, mhic Salatíel, mhic Néri, 28Mhic Melchí, mhic Addi, mhic Cósam, mhic Elmodam, mhic Er, 29Mhic Ióse, mhic Eliéser, mhic Iórim, mhic Matthat, mhic Lébhi, 30Mhic Siméon, mhic Iúda, mhic Ióseph, mhic Iónan, mhic Eliácim, 31Mhic Meléa, mhic Mainán, mhic Matata, mhic Nátan, mhic Dháibhi, 32Mhic Iessé, mhic Ohéd, mhic Boós, mhic Salmon, mhic Náasson, 33Mhic Aminadab, mhic Aram, mhic Esrom, mhic Pháres, mhic Iúdah, 34Mhic Iácob, mhic Isaac, mhic Abraham, mhic Tará, mhic Náchor, 35Mhic Sáruch, mhic Rágu, mhic Phálec, mhic Héber, mhic Salá 36Mhic Cáinan, mhic Arphcsad, mhic Sem, mhic Noé, mhic Lámedh, 37Mhic Matúsala, mhic Enoch, mhic Iáred, mhic Maleléel, mhic Cáinan, 38Mhic Enos, mhic Séth, mhic Adhaimh, mhic Dé.

Copyright information for IriODomhnuill